Skip to main content
Príomhoideachas

Príomhoideachas

By Toirdealbhach Ó Lionáird

Available on
Apple Podcasts Logo
Google Podcasts Logo
Pocket Casts Logo
RadioPublic Logo
Spotify Logo
Currently playing episode

Comhrá le Fionnuala Ní Chaisil

PríomhoideachasFeb 07, 2023

00:00
37:15
Comhrá le Fionnuala Ní Chaisil

Comhrá le Fionnuala Ní Chaisil

Is Iar-Phríomhoide í Fionnuala. Bhí sí ina bunaitheoir agus Príomhoide ar Ghaelcholáiste Reachrann. Ansin, d'imigh sí isteach san earnáil lán-Bhéarla mar Phríomhoide ar Choláiste Phobail Bhaile Lotrail faoi bhainistiú Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire (BOOÁCDL) i mBaile Átha Cliath. Ansin, bunaíodh Aonad Lán-Ghaeilge Choláiste Phobail Bhaile Lotrail, Coláiste na Tulchann. Insíonn sí faoina cúlra oideachais; a cosán foghlama mar phríomhoide sa dá earnáil; na múnlaí a mholtar don oideachas iar-bhunoideachias; an trasnaíl ón mbunscoil; earcaíocht agus na dúshláin a bhíonn i gceist; curaclam agus freastal ar na scoláirí; an ról: moladh nó gan; díriú ar riachtanais na scoláirí; guth an dalta san oideachas. Oibríonn Fionnuala anois mar oide i gColáiste Aingeal, Sligeach.

Feb 07, 202337:15
Comhrá le Melanie Ní Dhuinn

Comhrá le Melanie Ní Dhuinn

Is léachtóir san oideachas í Melanie atá ag obair in Institiúd Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath. Insíonn sí faoina oideachas tosaigh féin agus a forbairt ghairmiúil mar mhúinteoir go dtí seo; cad a spreag a suim sa socheolaíocht agus sa ghairm; na féidearthachtaí don cheannaireacht a bhíonn ag daoine a fhorbairt; an fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga san ábhar Corpoideachas nuair nach raibh sé faiseanta; an fhéidearthacht a bhíonn san aos óg; conas mic léinn a spreagadh chun a gcaighdeán a ardú sa Ghaeilge trí neamhspleáchas a spreagadh iontu; an córas Droichead, an taighde DEEPEN agus luach na meántóirí sa chóras; na costais a bhaineann le cáiliú mar mhúinteoir; an easpa ionadaíochta sa ghairm agus conas réiteach a fháil ar seo; an taighde úr nua atá ar bun aici sa tionscnamh Oileán Comhroinnte; scéalaíocht a spreagadh trí grianghraif.
Déan teagmháil le Melanie ar Twitter @melanienidhuinn .
Mar 14, 202244:57
Comhrá le Dessie Tennyson

Comhrá le Dessie Tennyson

Is múinteoir sinsearach é Dessie i Sruth na Gaeilge, Scoil Iósaef i Dún Geanainn, Co. Tír Eoghain. Tagraíonn sé dá chúlra oideachais; an áit a ghlac teangacha ina shaol; an córas oideachais ó thuaidh agus an sruth Ghaeilge; an ról atá aige agus conas na dualgais éagsúla a láimhseáil; cad a d’ullmhaigh é don phost; a lá oibre; conas an Ghaeilge a chur chun cinn trí chomhoibriú leis an bpobal agus riail na Gaeilge, mar shampla; cad a spreag an cheannaireacht teicneolaíochta ann agus an ipad mar uirlis; oiliúint ón RTC; an Greásán; T1 sa Ghaeilge agus stádas na teanga ó thuaidh; an bóthar amach roimhe.

Déan teagmháil le Dessie ar Twitter @iGael1 .

Jan 23, 202242:58
Comhrá le T.J. Ó Ceallaigh

Comhrá le T.J. Ó Ceallaigh

Is léachtóir é T.J. agus Stiúrthóir na Staidéar Iarchéime Múinte san Oideachas sa Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta, Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Tá clú agus cáil air go hidirnáisiúnta mar léachtóir agus más maith leat tuilleadh a léamh faoina chuid oibre, lean an nasc seo: https://www.mic.ul.ie/staff/383-tj-o-ceallaigh.

San eagrán seo, an ceann deireanach don sraith seo, insíonn T.J. faoina chuid oibre lá go lá; na poist a bhíodh aige mar phríomhoide sa tír seo agus thar lear; conas ar bhain sé post ceannaireachta amach mar phríomhoide; cad ina thaobh an ghaelscolaíocht mar sprioc dó in ainneoin an easpa taithí a bhí aige san earnáil; an tús a chuir sé lena ghairm i gCloch na Coillte agus an fhorbairt a bhí fós le déanamh dar leis; conas ar shroich sé an t-ardán tríú leibhéal agus a chumas ceannaireachta á fhorbairt aige; an cheist taighde a roghnaigh sé ón gcéad lá agus an bhearna idir cruinneas na ndaltaí agus teagasc na múinteoirí a fhiosrú; na heasnaimh san oiliúint do mhúinteoirí agus an M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhunú chun freastal ar na riachtanais sin; na múinteoirí díograiseacha a thugann faoin gclár agus an éagsúlacht a bhíonn eatarthu a chruthaíonn draíocht éigin; an bhéim atá ar an gceannaireacht sa chlár; an taighde atá déanta aige: le Aoife Ní Shéaghdha faoin gceannaireacht scoile, an ról atá ag an teicneolaíocht; an taighde atá idir lámha aige leis an Dr Gabrielle NigUidhir faoi thréithe an múinteoirí a fheidhmíonn sa tumoideachas; an comparáid idir an cleachtas sa tír seo agus atá ar siúl go hidirnáisiúnta, bíodh sé sa mhúinteoireacht nó i gceannaireacht scoile; a chomhairle do mhúinteoirí eileagus iad ag obair chun barr feabhais a bhaint amach; na deiseanna atá roimhe fós.

Déan teagmháil le T.J. ar Twitter: @tj_oceallaigh 

Aug 04, 202132:30
Comhrá le Jennifer Uí Dhuibhir

Comhrá le Jennifer Uí Dhuibhir

Is múinteoir agus Príomhoide Cúnta i Scoil Gharbháin i nDún Garbhán í Jennifer. Pléitear a saol ag fásadh aníos sa Ghaeltacht agus an tionchar ar a saol anois; an t-oideachas iomlánaíoch a cuireadh uirthi agus a spreag í don ghairm; cáiliú mar mhúinteoir i gColáiste Mhuire gan Smál "an baile as baile"; an bealach ina bhfuil oideachas sa choláiste tar éis forbairt agus athrú; an múnla le linn na paindéime nuair a d'éirigh le mic léinn agus múinteoirí obair as lámh a chéile i mbliana; an rang atá aici agus an obair a dhéanann sí lá go lá; an t-oideachas luath-óige "Aistear" (https://curriculumonline.ie/Early-Childhood/?lang=ga-ie); an taighde a rinne sí bainteach leis seo agus na ceisteanna agus torthaí a d'eascair as; an buntáiste a bhfuair sí as dá cleachtas; conas a dhéantar meastóireacht ar obair na scoile; míniú ar an délitearthacht; na cúiseanna a bhíonn ag daoine dul i mbun taighde; an tsuim a léiríonn tuismitheoirí in oideachas a bpáistí; an fhoghlaim chumaisc agus an teicneolaíocht mar spreagadh don phaindéim; an todhchaí ará roimpi mar mhúinteoir. Bain gach taitneamh as!  Déan teagmháil le Jennifre ar Twitter: @BeanALeanna .

Jul 20, 202132:27
Comhrá le Ciara Ní Chonchubhair
Jun 28, 202134:07
Comhrá le Sinéad Ní Éigní

Comhrá le Sinéad Ní Éigní

Is múinteoir agus Leas-Phríomhoide i nGaelscoil Mhichíl Cíosóg Inis í Sinéad. Insíonn sí: faoi cad a spreag í don ghairm; an t-aistriú ó bhunscoil go gaelscoil agus í 5 bliain d'aois; an cinneadh dul le Leas-Phríomhoideacht; an difríocht idir gaelscolaíocht agus scolaíocht i gcoitinne (an teanga, an pobal); an M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (mar "caitheamh aimsire"); an tumoideachas idirnáisiúnta; an tráchtas bunaithe ar fhoghlaimeoirí a bhíonn ina gcumarsáideoirí iontacha ach a bhíonn ag streachailt le cúrsaí cruinnis; an tábhacht a bhaineann le tacú lena chéile mar mhúinteoirí agus an easpa ama a bhíonn againn chuige sin; an bealach ina bhfuil ceol agus an teanga fite fuaite lena chéile; an caidreamh atá aici leis an bPríomhoide ina alma mater féin (de shíor ag foghlaim uaidh); an ról mar Leas-Phríomhoide; an fhoghlaim lasmuigh den scoil; na luachanna atá aici ar scoil agus sa bhaile; a dóchas don ghaeloideachas. Bain gach taitneamh as!

Sonraí teagmhála: sinead.ni.eigni@gmail.com


Jun 18, 202131:11
Comhrá le Cáit Uí Lochlainn

Comhrá le Cáit Uí Lochlainn

Is múinteoir bunscoile í Cáit atá ag múineadh i nGaelscoil Mhacan i gCorcaigh. Pléitear na modhanna múinte a thug sí léi go dtí an gaelscoil ó bhunscoil eile; a grá don Ghaeilge; cad a spreag í don chúrsa M.Oid. (tionchar Sheán Uí Bhroin ón ollscoil i gCorcaigh, mar shampla); na dúshláin a bhí roimpi ar an gcúrsa; an t-ábhar don tráchtas–"idirghabháil sa Mhatamaitic i nGaelscoil DEIS"; an tábhacht a bhaineann leis an teanga sa Mhatamaitic; an cur chuige agus na torthaí nach raibh sí ag súil leo; na rudaí atá foghlamtha aici; a comhairle do mhúinteoirí eile.

Is féidir teagmháil le Cáit ar Twitter @CaitUiLochlainn .

Jun 09, 202129:26
Comhrá le Caoimhe Uí Mhuirgheasa

Comhrá le Caoimhe Uí Mhuirgheasa

Is Leas-Phríomhoide í Caoimhe i nGaelscoil Chluain Meala, Co. Thiobraid Arann. Chaith sí seal i scoil Eorpach sa Ghearmáin freisin agus tá fréamhacha aici i bPort Láirge, as a tháinig a tuismitheoirí ó dhúchas. Déanann sí tagairt do seo, chomh maith leis an spreagadh a bhfuair sí óna tuismitheoirí, tosnú amach i scoil úrnua, a tuiscint ar cheannaireacht agus an spreagadh a bhfuair sí sa Ghearmáin, an tumoideachas ann, cúrsa oiliúna a chabhraigh léi tabhairt faoin bpost mar Leas-Phríomhoide, conas déileáil leis an ualach oibre agus an ról mar mhúinteoir a shásamh ag an am céanna, an taighde a chur sí i gcrích anuraidh a bhain le dea-fhoghlaimeoirí teanga i gcúplaí (a suim san ábhar, na torthaí, na ceisteanna atá ann fós). Bainigí lán-taitneamh as!

Déan teagmháil le Caoimhe trí ríomhphost: caoimhemuinteoir@gmail.com

May 25, 202127:56
Comhrá le Ciarán Ó Conghaile

Comhrá le Ciarán Ó Conghaile

Is múinteoir Staidéar Gnó agus Cuntasaíocht é Ciarán agus tá sé i mbun oibre i gColáiste Cois Life i Leamhcán, B.A.C.
Labhraíonn Ciarán faoina chúlra oideachais; an t-aistear ón scoil Ghaeltachta go scoil san ardchathair; conas tacaíocht a lorg ó chomhleacaithe; an taighde atá déanta aige maidir le daoine óga a spreagadh mar cheannairí Ghaeilge ; pobal a thógaint ar scoil agus sa saol; an taithí atá aige mar oide ar an Teastas sa Teagasc Ábharbhunaithe i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach; na heasnaimh sa soláthar acmhainní dá ábhair féin agus an bóthar roimhe amach anseo. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as!
Is féidir teagmháil le Ciarán ar Twitter: @oConghaileC
May 11, 202126:22
Comhrá le Conal Mac Seáin

Comhrá le Conal Mac Seáin

Is léachtóir le Gaeilge i gColáiste San Aingeal, Sligeach, é Conal. Is as Bhaile na Finne i nGaeltacht Thír Conaill dó.
Cloistear ó Chonal maidir lena chosán i dtreo na múinteoireachta ón ngairm mar altra; an saol mar léachtóir i Sligeach; an bhearna eolais a spreag an taighde is déanaí a rinne sé (dírithe ar phróifílí na múinteoirí a mhúineann trí Ghaeilge); caighdeán na Gaeilge agus an codarsnacht idir an 3ú agus 2ú leibhéal; conas barr feabhais a bhaint amach mar mhúinteoir; an fhoghlaim seachas torthaí; a thodhchaí amach anseo.
Is féidir teagmháil le Conal ar Twitter: @deselby10 Bainigí taitneamh as!
May 02, 202127:24
Comhrá le Christine Ní Chathasaigh

Comhrá le Christine Ní Chathasaigh

Is múinteoir Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge í Christine Ní Chathasaigh, Ciarraíoch atá lonnaithe i Luimneach agus ag múineadh i nGaelcholáiste Luimnigh. Roinneann sí a tuairimí faoi: oideachas trí Ghaeilge; na hábhair atá aici; an teicneolaíocht chomhtháite san fhoghlaim; an topaic thaighde a roghnaigh sí dá Mháistreacht: freagracht na múinteoirí ábhair i dtaobh an Gaeilge (agus a moltaí don Aire Oideachais dá bharr); ag obair mar oide ar an Teastas sa Teasgasc Ábharbhunaithe (TTA); tacú le múinteoirí a gcuid Gaeilge a fhorbairt ar scoil fiú gur ábhar leochaileach é; meántóirí teanga; a triall amach anseo; agus an bhearna sa taighde atá fós le líonadh. Is féidir teagmháil le Christine ar Twitter: @NiChathasaighC 

Apr 18, 202126:55
Comhrá le Sinéad Nic Stiofáin

Comhrá le Sinéad Nic Stiofáin

Is Leas-Phríomhoide í Sinéad i Scoil Chuimsitheach Chiaráin sa Cheathrú Rua. Pléitear a cúlra oideachais, an t-aistear ón ardchathair go dtí an Ghaeltacht, cúrsaí agallaimh, an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, an t-ábhar dá Máistreacht san Oideachas, comhairle do dhaoine ag dul faoi agallamh agus a bheith ina Príomhoide nó gan! Bain taitneamh as!

Apr 10, 202134:38
Comhrá le Carmel Nic Airt

Comhrá le Carmel Nic Airt

Is iar-Príomhoide ar Ghaelscoil Mhichíl Uí Choileán í Carmel Nic Airt. Pléitear: cad a spreag í i dtreo na gairme; an dearfacht agus na dúshláin a bhaineann leis an ról; an fhorbairt ghairmiúil leanúnach; fís, foghlaim agus comhoibriú; slán a ghabháil leis an bpríomhoideacht; staidéar sa bhreis; comhairle don agallaí; cúrsaí Gaoluinne na linne seo. Bain taitneamh agus tairbhe as!

Mar 31, 202125:50
Comhrá le Máire Ní Ghráinne

Comhrá le Máire Ní Ghráinne

Is múinteoir bunscoile í Máire agus cloistear faoina post mar mhúinteoir, an taithí a bhfuair sí ón Máistreacht atá curtha i gcrích aici le déanaí, an difríocht maidir le ábhar agus teanga a mhúineadh sa Ghaeltacht, a tuairimí faoi cheannaireacht scoile agus an t-eispéireas a bhí aici obair le TG4 Cúla 4 ar scoil. Bain taitneamh as!
Mar 17, 202126:47
Comhrá le Evelyn Ní Raghaill, múinteoir i bhfeighil ar Choláiste na Tulchann, B.A.C. 15.

Comhrá le Evelyn Ní Raghaill, múinteoir i bhfeighil ar Choláiste na Tulchann, B.A.C. 15.

I measc na téamaí a phléitear, tá a cúlra oideachais, dúshláin Covid-19, forbairt an aonaid, an t-oideachas speisialta, a cleachtais ceannaireachta, comhairle do cheannairí eile agus stádas an teanga ar scoil agus sa phobal. Bain taitneamh as!
Mar 01, 202123:22
Comhrá le Seán Óg Ó Duinnín

Comhrá le Seán Óg Ó Duinnín

Comhrá le Seán Óg Ó Duinnín, Príomhoide Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí agus Oide Saoil (www.spreagadh.com)

Pléitear téamaí ar nós cúlra na scoile, Covid-19, oiliúint don phost, stíleanna ceannaireachta, guthanna na rannpháirtithe, an sástacht a bhaineann leis an bpost. 

Bain taitneamh agus tairbhe as!

Feb 24, 202132:08